School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 036
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Liodán an amháin- i dtír. Bíódh seisean in a chómhnuighe ar oileán ar loch Coirb darb ainm di “Oileán na Míoltóg” in aimsir na Pian Dlighthe. Gach maidin géar-mhoth i bhfad roimh eirighe na gréine agus tar éis aifreann a bheith léighte do mhuinntir “Tom na Srath” thagadh an sagart agus a bhuachaill go dtí an áit an-tanaidh sa"Cuan an Fhóid"ar a tugtar “Cuan An Choinneal” air, ina bháíd bheag fein. Sé an fáth gur thug siad an ainm sin air ná go mbíodh coinneal ar lasadh ann, caoi go bfeicfeadh an sagart í ar lasadh thrídh an dorchadas is ndéanfadh sé caol díreach ar an áit ar a bhealach go dtí “Creig an Aifreann.” Múcfadh siad an coinneal annsin caoi nach bhfeicfeadh na saighdiúirí Sasanacha í. Lean sé ag deanamh é seo ar feadh i bhfad ach tá sé an-brónach faoin chaoi go bhfuair sé bás ar deireadh.
Dá aimhdeoin dlighthe do bheith déanta in a aghaidh, céard a dhéanfadh sé Dómhnach a bhí cruinnuighadh Protastúnach i nGaillimh ach a chapall a fhághail agus chuaidh sé ag marcuigheacht uirthi. Annsin chuir sé hata mór ar a cheann chuir sé ribín glas, bán is buidhe timpeall an coroin a hata, gur chuaidh sé síos agus suas sráide na Gaillimhe de shodar agus é ag canadh amhráin Gaedhealach ar feadh an ama.
Nuair a chonnaic na Protastúnaigh é cheap siad é a mharbhú ach ní raibh séadindhon toisc go raibh comhacht éigin aige a choinnigh amach uaidh iad(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male