School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 037
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dá iomad iarracht a thug siad faoi ní raibh iondhon é a ghabhadh. Mar sin féin nuair a bhí sé ag dul abhaile chuir siad spiadóir in a dhiadh. I gceann tamall fuair seisean an áit a bhíodh an sagart ag léigheadh an aifrinn ann. Threoruigh sé na “Redcoats” go dtí an séipéilín a bhí aca i “gCreig an Aifrinn” agus tháinig siad ar an plód mór daoine, agus dhóigh siad an séipéilín. Annsin chuir siad seachrán mór ar na ndaoine agus dhóigh siad an sagart.
    Tá áit eile ins an bhaile s’againne agus sé an t-ainm atá uirthi ná: “Sgol an Aifrinn.” Sé an tAthair Réamonn do bhíodh ag léigheadh an t-Aifrinn annsin tráth. Bíodh go leor sagairt eile seachas é sin ann is fíor, ach níl a fhíos ag na daoine a n-ainmneacha.
    Fear cródh dána dob eadh eisean, agus is eisean a bheadh go maith do na daoine bochta dá mbeadh aon rud aige, an créatúr. Ach nior rugadh saidhbhreas le h-éinne ariamh. ‘Sé an chaoi a bhí sé go raibh grádh chomh mór sin aige do na daoine dhó is go dtabharfadh siad a mbeatha ar a shon. Ar aon chaoi, seo é an caoi go raibh am te acu ins an mbaile seo:
    Maidin amháin bhí an tAthair Réamonn ag léigheadh aifrinn nuair a tháinig saighdiúirí Sasanacha ó's chionn an sgailp gur thosuigh siad ag pelteál clocha anuas ar mo dhuine bocht. Nuair a chuala muinntear an bhaile ag béiceadh é tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Maidín
    Gender
    Male
    Address
    Kilcloggaun, Co. Galway
    Informant
    Tadhg Ó Maidín
    Relation
    Parent
    Gender
    Male