Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 046
- XML “Amhrán”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Ní mórán amhrán faoí dhaoine nó áiteacha ag daoine na h-áite seo, acht seo cuid de na giotaíbh atá acu”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear san áit seo uair agus (sé)bhíodh sé ag dul go 'chuile ceard d'Éirinn ag obair. Bhí cheithre páistí aige agus rinne sé bhéarsa fá'n áit a rugadh iad:
"Cúige Laighean a rugadh Bríghid
Cúige Mumhan mo Sheáinín,
Isteach sa m'theach a rugadh Beartla
Agus thiar sa móin, mo Mháirín."fritheadh an sgéal thuas ó Thadg O Maidín (feilmeóir)
Cill a' Clogáin,
Mágh Cuilinn.- Tomhaiseanna
Tá go leor tomhaiseanna againn sa mbaile. Seo cuid acu.
Tá rud eicínt ag imtheacht leis an gcárr agus ní féidir leis an carr teacht gan é.
Freagra: An torann.
Cén rud a bhfuil in ndán eitilt gan aon sgiathán.
Freagra: Deanach an bhóthair.
Cé(n) mhéid gob a bhuaileas cearc ar an urláir chun deich gráinne choirce a ithe.
Fregra: Aon ghob amháin
Tá sé san móinfhéar as mé gearrtar é, tá sé sa siopa as ní díoltar é, tá sé san teine agus ní dóightear é.
Freagra: Gath gréine.
Cosa fada, ceathramha cama, ceann beag gan aon t-súil
Freagra: An tlú.(leanann ar an chéad leathanach eile)