Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 057
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac ba shine la amháin dhul go dtí an reilig ins an oidhche t-éan a mharbhughadh. Ach dubhairt sé go raibh faitchíos air. Dubhairt an bhean leis an mac eile a dhul go reilig agus an t-éan a mharbhughadh. Dubhairt an buachaill sin freisin go mbeadh faitchíos air dhul i n-aice na reilige. Dubhairt sí an rud céadna lais an mbuachaill eile. Dubhairt an buachaill sin go rachadh sé go dtí an reilig dá ngeobhadh sé an claidheamh solais. Thug a mháthair an claidheamh solais dó agus d’imthigh sé go dtí an reilig leis an éan a mharbhugadh.
D’fhan sé annsin ar feadh cúpla uair agus níor tháinig an t-éan an oidhche sin ar chuir ar bith. Chuaidh sé abaile brónach go leor agus an claidheamh solais in-a láimh aige agus gan aon rud déanta aige leis. Nuair a tháinig sé abhaile d’innis sé an sgéal dá mháthair.
Nuair a chuala sí an scéal sin bhí brón uirthi agus dubhairt sí leis go mbeadh air dul go dtí an reilig an oidhche in-a dhiaidh sin. An oidhche ina in-a dhiaidh sin d’imigh sé arís go dtí an reilig acht ní an bealach céadna a chuaidh sé. Chuaid sé bealach eile. Ní raibh sé i bhfad ag an reilig go dtáinig an t-éan ag ithe na gcorp. Tháinig an buachaill taobh thiar de agus bhain sé an ceann de.(leanann ar an chéad leathanach eile)