School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 312
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é chur i bhfolach. An t-aon mhac amháin a bhí aice bhí sé imthighthe le fada an lá agus ní raibh tásg ná tuairisg air.
Nuair a cheap an tsean bhean seo an bás ag teannadh léithe rinne sí poll chómh fada síos sa talamh is a d'fhéad sí í n-aice le crann fuinnseóige agus chuir sí an t-airgead síos ann. Ba ghearr annsin go bhfuair sí bás. Nuair a bhí sí ceathair nó cúig de bhliadhanta caillte tháinig sí chuig a col-ceathar ina sgáile agus a col-ceathair ag tigheacht ó cuairtidheacht, tháinig sí roimpi ar a bealach abhaile. D'iarr an tsean-bhean uirtí trí sgilleacha a dfhan amuigh uirthí ag an siopadóir a íoc di. Dubhairt sí gur shíl sí féin nuair a bhí sí ar an saoghal seo go raibh sé íoctha aice agus dubhairt sí léithe go raibh sí réidh glan le dhul do na Flaithis marach é sin. D'innis sí do go bhfuigheadh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Thnuthail
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Tnuthail
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway