School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 348
- XML “Each Uisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'chuile maidin 'na dhiaidh sin. Faoi cheann seachtmhaine go díreach tháinic sé aríst. Bhí Tomás ag faire cois claidhe agus adhastar ina láimh aige. Níor theasbáin sé é fhéin agus tháinic an t-each suas an ghar dhó. Chaith sé an t-adhastar ar a chloigeann agus fuair sé greim air. Thosuigh an t-each ag léimneach. Thar éis tamaill shuaimhnigh an cappall agus thug Tomás abhaile é agus chuir sé isteach sa sgioból é agus thug sé féar dó. Faoi cheann tamaill bhí sé socair agus ciúin agus dubhairt sé leis féin go bhféadfadh sé é chur ag obair. D'oibrigh sé an tsásta dhó. Níor thug sé i ngar do'n loch é go ceann tamaill. Ar deireadh shíl sé nach n-iarrfadh sé imtheacht uaidh níos mó agus thug sé ag obair i n-aice an locha é. Nuair bhí siad i ngar do'n loch thosuigh an t-each ag seitreach go h-árd agus rith sé go dtí an loch agus Tomás ar a dhruim. Ní raibh sé i ndon é a choinneál siar agus nuair shíl(continues on next page)
- Collector
- Máire Treasa Ní Máille
- Gender
- Female
- Informant
- Colm Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 44