School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 424](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_424.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 424
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 424
- XML “Madra Rua na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sise go dtiubhradh sí dhi í ach í a leigeann isteach san seomra aríst anocht ar feadh dhá uair ag cainnt leis an bhfear agus dubhairt sise go dtiubhradh sí an chead sin di. Chuaidh sí isteach agus nuair a bhí sí ag dul isteach chuaidh sise isteach agus cupán aice agus deoch aice agus thug sí dhó é acht leag seisean thart ar an mbord é agus níor ól sé chor ar bith é Nuair a bhí an dhá uair thart bhí fhios ag an bhfear an uair sin gur bí a bhean fhéin a bhí ann agus gur draoidheacht a bhí aice seo air. Ní dhearna sé acht breith ar an ngunna agus í a chaitheadh agus bhí deireadh leis an draoidheacht annsin, agus chuadar fhéin abhaile agus thug siad leo na páistí agus mhair siad go sámh as sin amach.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Address
- Ros Muc, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Ros Muc, Co. Galway