School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 427
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tarbh amach agus d'ith an buachaill a bhéilidh. Is gearr gur dhúisigh an inghean. Chuir an buachaill amach na beithidhigh agus d'imthigh an inghean abhaile agus d'innis sí a sgeal. Chuaidh an dara inghean amach lár na bháireach agus nuair a bhí sé an haon a chlog dairigh sí ceol is deise chuala sí ariamh agus thuit sí ina chodladh. Tháinic an tarbh agus d'ith sé a bhéile agus dhúisigh an inghean. Chuir sé amach na beithidhigh agus rith an inghean abhaile agus dubhairt sí gur chuala sí an ceol is deise chuala sí ariamh. An tríomhadh lá chuaidh sé ag fosaidheacht agus chuir sí an tríomhadh inghean amach dhá fhaire agus bhí trí súil innti agus d'airigh sí an ceol agus thuit sí na codladh ach bhí an tsúil a bhí ina cúl dúisighthe agus chonnaic sí an tarbh ag teacht agus an buachaill as [!] casadh na adhairce agus d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain. Chuir sé amach na beithidhigh agus chuaidh an inghean abhaile agus d'innis sí an(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Ghríobhtha
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway