Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 074
  3. XML “Aonach an Bhalla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Má's cailín óg den t-sórt sin thú
    Is go bhfuil do dhúil san ól
    Is gearr a mhairfeas airgead duit
    Ná seal ar cúpla bó
    Ach iarraim-se ar Dhia is ar Mhuire
    Mara mbéinn-se beo ach mí
    Go bhfeicidh mé 'gul an bóthar thú
    Is na málaí ar do dhruim
    Míle bhfearr liom ag iarraidh déirce
    Is na málaí ar mo dhruim
    Ná do leithid-se de shean Duinín
    Bheith Romham sa mbaile tinn
    Mara ndeanfea an puth casacht'
    Is go sílfinn nac mairfeá beo
    Ac imthigh leat is na bodhruigh mé
    Is tú giolla an cháirseáin mhóir
    Nuair a théighim-se ag an Aifreann
    Agus deireann an t-aos óg Cruinn'
    Smaoinim ar an sean Duinín
    Atá Romham sa mbaile tinn
    Ach iarraim-se ar Dhia is ar Mhuire
    An Chloc mhór go mbrisidh a dhruim
    Is gach a dtiocfadh aníos 's anuas
    'Na mhullach go mbéadh sé cruinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Fhatharta, Co. Galway