School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 012
- XML “Doire Bhriain”
- XML “Ceann eile ón tSeanphíobaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá cruithneacht agus eorna ann
Tá min choirce ins an gcomhra
Tá bainne ramhar do chéadtaibh ann
Agus crucaí d'im bhuidhe.
Tá an searrach ag a láir ann
Tá na bainbh ag a gcraín ann
Tá an t-ál ag a lachain ann
Agus an leanbh ag an mnaoi
Tá na bric ag éirighe in áirde ann
Agus an abhann ag dul le fánaidh ann
Agus nach mór an t-udar shláinte
Bheith i do comhnaidhe i nDoire Bhríain. Ceann eile ón tSeanphíobaire
“IS mise Seánín Ó Seadha agus bhí mé gan chéill”
Is mise Seáinín Ó Seadha agus bhí mé gan chéill ó rugadh mé Phós me Nélli gan spre 's gan oiread ceann ghe ag an bhean a tighe
CurfáFuisge ó radlam row, fuisge ó radlam cailleachaí
Fuisge ó radlam row agus bainne na ngabhar sa channa liom
(II)Bhí mise lá ag an ngléib agus casadh O'Néill 's an sagart dhamD'iarr mé an Committee meal (?) agus chuir siad le leím thar an ngeata liom
Curfá
Bhí mise i mBaile an Riogh sé gasúr an tighe bhí in aondaigh liomChuaidh sé amach faoi mo thaobh agus b'fhurusta ag an tír bheith magadh fum
(Curfá)(continues on next page)