School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 017
  3. XML “An Súisín Bán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Shíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mnáibh
    Agus shuas i n-Gaillimh seadh d'ól mé leobtha mo shaith
    Mar leigfidh na mná uasail 's mé fhágáil mar atáim
    Déanfaidh mise cleas a rachas rún croidhe ar na mnáibh.
    Rinne mise cleas i d-teach Uí Dhomhnaill aréir
    Agus an dara cleas i d-teach a bhí le na thaobh
    An tríomhadh cleas dá ndearnas ní dheachaidh sé leas dam féin
    Mar chuir an chaileach amach easadh an tsugáin mé
    Chuir mise isteach i d-teach an tabhairne ar maidin indé,
    Agus bhí bean ar meisge ann agus a cúl le balla ó réir
    Labhair sí liom ghá chogar anall thar an gclár
    hobair ar an obair agus bogfamuid an suaisín bán
    Ní clúdach ghe ná lachan a bhíonns ag na mnáibh
    Ach clóicín deas mín a mheall ariamh feara fáil
    Fear ar leith choidhche luathfar as laidir as a lár
    fanfaidh sé sa mbaile ag bogadh an tsuaisín báin
    Maidir le bean ar bith leat-sa agus le fear ar bith eile ar ball
    Ach gradh mo chroidhe an bean a bhionns ar aon staid amhain
    Ach dá mbeadh spre ag an gcat nach deas an posaidhe é
    Agus níl fios aige cé ba chomhradh é
    Ach tá sé pósta le inghin na caillighe giobuighe ó réir
    Agus a liachta óg bean deas agus gan fear aici a phógfad a béal
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish