School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 013
  3. XML “Ceann eile ón tSeanphíobaire”
  4. XML “Ón tSeanphíobaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceann eile ón tSeanphíobaire (continued)

    IS mise Seánín Ó Seadha agus bhí mé gan chéill

    (continued from previous page)
    (III)
    Tá inghean ag Donnchadh Brúin agus bhí sí gan mhuineadh ó rugadh í
    Sheasadh sí ag geata Átha Luain agus cuireadh an sgéal go Sasana
    (Curfá)

    (IV)
    Éireóchaidh mé ar maidin a m-bárach isteach go Gleann Chochain seadh rachfas mé
    Suidhfidh mé ímeasg na mbuachaillí óga mar sé Páidín Ó Máille an taparoo
    (Curfá)

    (V)
    Tá cailín sa tír so gan bhréag is mór a ceím bheith in aice leithi
    Dhamhsaigh sí ar Shráid Bhaile an Roba agus d'ionntuigh sí a druim le Sasana
    (Curfá)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ón tSeanphíobaire

    Samhradh, samhradh bainne na ngamhna ...

    O'n tSean-Phiobhaire

    Samhradh, samhradh bainne na n-gamhna
    Thugamar féin an samhradh linn
    Sé mo leán geár! Is lag a bhéidhes tú a m-bárac
    Thugamar féin an samhradh linn
    An braithlín beag anall thar sáile shín mise siar agus fuair mé an bás ann
    Thugamar féin an samhradh linn
    Cónra airgid más sí is fearr leat
    Thugamar féin an samhradh linn
    Cónra d-trí clár a bhí a fághail agam o Mháire,
    thugamar féin an samhradh linn
    Leath mhaide chuilinn agus leath mhaide fearna
    thugamar féin an samhradh linn
    D'éirigh mé féin agus chaith mise an bás díom
    thugamar féin an samhradh linn
    Agus chuaidh mé amach a bualadh báire
    thugamar féin an samhradh linn
    Chuir mé poc báire isteach go Port Lairge
    thugamar féin an samhradh linn
    Agus an chéad phoc eile i máilín mo mhathar
    thugamar féin an samhradh linn

    Nóta- Tá mé amhrasach i d-taobh na bhfocal. Bhí an leagan so go h-an choitceannta i g-Condae na Gaillimhe dhá fhichid bliadhain ó shoin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish