School: Sean-Chill

Location:
Shankill West, Co. Galway
Teacher:
Riobárd Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0080, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Chill
  2. XML Page 073
  3. XML “Dún na Móire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dá réir sgéil sí Mór Ní Mhananáin (Inghean Mhananáin Mhic Lir) a thóg an chéad dún ins an áit so. Tá an fhuirm "Dún na Móire" i m-béul na sean daoine i g-comhnaidhe. Sin cruthunas go bhfuil an sean sgéal fíor dar liom.

    Annsin tháinig "Haiste" - laoch calma as an mBreatain Bhig agus thosuigh sé ag tógáil caisleáin in aice Dún-na-Móire. Ach "ní mar síltear bitear" ní raibh "Mór" sásta leis sin agus leagadh sise ins an oidhche an mheid a thóigeadh Haiste agus a chuid fear í rith an lae. Leanadh an obair so ar feadh cúpla seachtmhaine agus annsin chuaidh Haiste chuig "Dall Glic" eicint leis nach raibh Mór Ní Mananáin sásta leis in aon cor; nár thaithnigh leithi caisleán nua a thógáil in aice a dúin féin; ach go dtuibradh sí cead dó a chaisleán a thógáil ós cionn a dúin féin. Ghlac Haiste leis an gcomhairle so agus thóg sé an caisleán ar bharr an Dúin. Do thóg Mór agus níor chuir Mór isteach air. Bean Uimhreach a bhí innti agus bhí bród agus riméad an domhain uirri an Caisleán breagh árd a fheiceál mar leacht chuimneacáin d-ithe fhéin.
    Ní raibh Haiste ró fhada ins an gcaisleán nua nuair a tháinig Mac Feorais agus arm laidir leis agud d'ionnsaigh sé an caisleán. Bhí troid fhuiilteach eatorra ach ins an ndeireadh bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Shankill West, Co. Galway