School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Sceach
- XML Page 412
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Tuairm is céad bliain ó shoin bhí fear baramhail gurbh’ ainm dó Seán Ó h-Anlaí ‘na chomhnaidhe in aice le Sruthair, áit atá in oirthear na Gaillimhe agus ar nós riar mór feilméaraí eile ní raibh mórán de mhaoin an t-saoghail aige. Lá amháin d’imthigh sé le chapall agus a chairt le ualach cruithneachtan ar an margadh go Tuaim, mar cruithneacht a bhí de sheift aca ann san am sin leis an gcíos a íoc agus bhí ríar mór cíosa glaoidhte ar Sheán. Dhíol sé an cruithneachtan agus fuair sé airgead (agus) go leór air. Is cosamhail go raibh dúil mhór san ól aige mar d’ól sé a sháith.D’eirigh siléid éigin dó agus bhí sé deireannach san oidhche sul ar fhág sé Tuaim. Bhí sé ag trial leis abhaile nó go raibh sé trí mhíle amach as Tuaim, an áit a dtugtar Cnoc Meadha air. Bhí teach annsoin ar leath-thaobh an bhóthair agus bhí na soillse ba bhreághtha dá bhfaca sé ariamh ag sgartadh amach tríd na fuinneóga agus bhí an doras ar oscailt. Bhí ceól agus damhsa ar siubhal sa teach agus is cosamhail go raibh dúil i ngail tabac aige mar chuaidh sé isteach chraith fear a’ tighe láimh leis agus ar seisean: “Céad míle fáilte rómhat, a Sheáin Uí h-Anlaí”, agus chuir gach duine sa teach idir fhear is bean an fáilte céadhna roimhe.
“Tháinigh mé isteach”, arsa Seán “le mo phíopa a dheargadh”.
“Tá fáilte romhat sin a dhéanamh”, arsa fear a’ tighe,(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Nudhain
- Gender
- Female
- Address
- An Pollach, Co. Galway
- Informant
- Éamonn Ó Nudhain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Pollach, Co. Galway