School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Sceach
- XML Page 420
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Grinn
Bhí fear ann tráth agus bhí inghean áluinn aige agus bhí driobhsiúr aige féin agus bhí go leor saibhris aice. Bhí an fear seo ag iarraidh an t-airgid a mhealladh uaithi agus bhí sé ag tabhairt an-aire dhi. Bhí fear in a chomhnaidhe san gcomharsanacht agus bhí sé ag iarraidh mná. Shíl an fear eile go bpósfadh sé a inghean fhéin ach níor b’amhlaidh a bhí an sgéal. Tomás b’ainm do athair a bhí le pósadh mar dheadh, agus Séamas b’ainm do’n bhfear a bhí ag iarraidh mná. Bhí fear i na comhnaide in-aice le Séamas agus bhí go cleasanna agus nósanna aige. Seo é an rud a dubhairt sé le Seamas, “Oidhche Shamhna iseadh oidhce Dé Satharn seo cugainn. Nuair a thuiteas dorchadas na h-oidhce fágh do shuaiste agus do chuid coirce agus cuir faoi réir san sgioból iad. Las coinneal leith-phigne ar fhuinneóig an sgiobóil. Má mhúchann an coinneal sul dá béas leath do chuid coirce buailte agat ní maith an comhartha dhuit é, ní phósfaidh tú go deo. Má chuireann aon bhean a lámh chomh fada leis an gcoinneal, sin í an bhan-chéile a bhéas agat. Tiocfaidh mise de chabhair ort freisin agus déanfaidh mé an cleamhnas”. Rinne Séamas amhlaidh ach chuala Tomás é agus tháinigh sé go dtí an áit agus an inghean agus a dheirbhsiúr leis Oídhche Shamhna. Ní raibh aon cheo ag corruighe agus an coinneal ag eirghe gearr is faithchíos ag teacht ar Shéamais. Bhí sé tuairim is a dó dhéag a clog anois ach má chuaidh lámh suas cun an coinneal a mhúchadh chuaidh fiche lámh. Is annsoin an ghreadú, rith Séamas go dtí an doras agus níor thúisge ag an doras é ná(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheara
- Gender
- Female
- Address
- Barnacranny, Co. Galway
- Informant
- Mícheál Ó Flannachadha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Barnacranny, Co. Galway