School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An chaoi a déanaidís líon-éadach fadó
Riomh an ficheadh céad bhíodh giota beag líon curtha ag gach feilméar sa tír ach anois ní cuirtear pioc dhe. B’an deas an radharc é an líon a fheiceál i bhfad uait nuair a bheadh na bláthanna dá iomchur aige. Bhíodh na bláthanna comh gorm sin go dtugadh na daoine blúirín air. Nuair bhíodh sé aibidh sa bFoghmhar tharnuighdís as an talamh é.
Annsin dhéanaidís punnarracha dhe agus d’fhágaidís mar sin é go ceann cupla lá go dtí go mbeadh sé tirim. Annsin chuiridís ar bogadh i bportach dearg luidheach ar feadh cearcha uair é, annsoin thóigidís as an bportach é agus sgaraidís amach ar an talamh é le triomú. Nuair a bhíodh sé sáthach tirim chuiridís ar cruadadh ar atha é. Nuair bhíodh sé cruaidh go maith chuiridís suas ar loca égo mbíodh siad réidh le h-é d’úsáid. Gheibhidís tlú-gairimint agus bhruaghaidís ina bruascar é leis.
Bhíodh fir ag dul thart an tráth seo agus “h-aiciléaraí” a tugtaí ortha. Bhíodh suisteal aca seo agus chaithidís sgathamh i ngach teach a mbíodh an bruascar líon ann.
Séard a bhí ins an suisteal úirlís le h-aghaidh an líon a chárdáil agus bhíodh go leor spíceanna ag fás as.
Bhíodh an “aiciléara” ag cur an bruascar líon(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheara
- Gender
- Female
- Address
- Barnacranny, Co. Galway
- Informant
- Mícheál Ó Flannachadha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Barnacranny, Co. Galway