School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Each uisge i Loch Riabhach.
Bhí fear saidhbhir in-a chomhnaidhe ar bhruach Locha Riabgach tráth. Tighearna Talamhan a b’eadh é agus bhí talamh Baile Loc’ Riabhach ar fad fé chíos aige, ach bhí tionóntaí aige ar chuid de agus d’íocadh na tionóntaí seo cíos leis. Ruaidhrí Ó Mórdha a b’ainm dó. Aon bhliadhain amháin chur sé píosa mór de’n talamh fá arbhar, San bhFoghmhar nuair a bhí an t-arbhar aibidh, chuaidh an tighearna amach ag breathnú ar an arbhar chonnaic sé go raibh a lán díoghbhála déanta do’n arbhar. D’fhág sé gárda saighdiúirí ag tabhairt aire dó an oidhche sin. I lár na hoidhche tháinigh ionghnadh mór ar na saighdiúirí nuair chonnaiceadar sgata de eachanna uisge ag teacht amach as an loch agus isteach san bpáirc leo. Thosuigheadar ag ithe an arbhair comh tréan agus d’féadadar agus nuair a bhí a sháith ithte aca d’imthigheadar leo. Lá’r na bháireach d’innis na saighdiúirí do’n tighearna fá’n rud a thárla agus d’orduigh an tighearna dhóibh breith ar cheann aca. Nuair thuit dorchadas na h-oidhche chuadar amach ag faire ar na h-eachanna. Thárla an rud céadhna do thárla an oidhche roimh réidh. Nuair tháinig na h-eachanna isteach san bpáirc rith na saighdiúirí i na ndiaidh agus rugadar ar cheann aca. Thugadar abhaile chuig an tighearna é. Chuir an tighearna isteach i sgiobóil é agus d’fhág sé annsoin é go raibh sé roinnt reamhair. Nuair a bhí sé roinnt reamhar bhí sé in a each chomh breágh is bhí i n-Éirinn. Annsoin chuir sé amach san rása é agus ní raibh capall ar bith(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheara
- Gender
- Female
- Address
- Barnacranny, Co. Galway
- Informant
- Míchéal Ó Flannacha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Barnacranny, Co. Galway