School: Páirc na Sceach (roll number 13856)

Location:
Bushypark, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 417

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 417

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Páirc na Sceach
  2. XML Page 417
  3. XML “An Chaoi a Déantaí Coinnle Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An chaoí a déantaí coinnle fadó.
    Tuairim is céad bliain ó shoin ní raibh aon lampa sa tír seo. Bhíodh coinnle aca mar sholus, ach bhí go leór feilméaraí bochta nár fhéad coinnle do cheannacht agus dhéanaidís cineál coinnle. Dhéanadh cuid aca cineál ar a dtugtaí “páideóga” agus dhéanadh tuilleadh aca cineál ar a dtugtaí “troillseáin”. Gach bliain mharbhóchaidís cúpla gabhar agus an geir a bhíodh ionnta shábháilaidís é. Bhí slige i mbeagnach gach teach agus leaghaidís cuid de’n gheir ann. Annsoin gheibhidís striopa canbháis agus chuiridís fuineamh ann agus tháirníghidís tríd an gheir leaghta é nó go mbíodh ríar maith súighte aige. Nuair bhíodh sin déanta, leagaidís thart é go reódhfadh sé agus thairníghidís tríd an gheir arís é agus leanaidís ortha mar sin go mbíodh sé comh reamhar le coinneal pighne agus seo é an sórt coinle ar a dtugtaí, “Páideóg”. Nuair a bhídís ag dul ag déanamh troillseán d’fhághaidís dhá cheann déag de bhreibh agus bhainidís an craiceanndíobh. Thumaidís sa ngeir íad agus annsoin d’fhighidís le chéile íad. Thumaidís arís sa ngeir iad agus annsoin bhídís réidh.
    Bhíodh coinnle eile aca freisin a ghnítí as giumhais. Sé an chaoí a déantaí íad seo na stumpa giusaigh d’fhaghail agus é do sgoilteadh na meithcheáin. Thumaidís na meathcháin sa ngeir agus chuiridís le chéile íad. Bhíodh solus breágh ar an gcoinneal seo. Bhíodh ceann de na sean coinleóirí aca nuair bhídís ag lasadh na gcoinneal. Bhí áit le h-aghaidh na trí gcoinneal ar an gcoinleóir seo.
    Scríobhtha síos ag Máire ní Nudhain, Pollach, ó ‘na h-athair Éamonn Ó’Nudhain, feilméar, Pollach, Mághcuilinn.
    Sgríobhtha; Aibreán 1938
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. candle-making (~728)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Nudhain
    Gender
    Female
    Address
    An Pollach, Co. Galway
    Informant
    Éamonn Ó 18551udhain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Pollach, Co. Galway