School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- .1.
Cois taoibh an chuain, 's mé go h-uaigneach,
Go faon-lag suanmhar sinte,
'S mé ag féuchaint uaim ins an spéir ó thuaidh,
'S mé ag eigeamh fá fuaim na taoide.
Níorbh bhfada dom go bhfaca an long,
Ag teacht go triúpach timcheall;
Do bharr na dtonn 'n-a reathaibh siubhal
'Gus an ainnir súgach innti.
.2.
Do bheannuigh dúinn an Bhríghdeach óg,
Ba bhreághtha dlaoithe a bhí ar a bhí ar a bórd (.9.)
Do ráidhte mire ba bhreághtha caoine
Ná inntleacht ceóil
Cois na daibhche síos do gheóbham
Beidh n-ár dtimcheall fíon 's beóir
Go duanach failteach, go clúmhail grásgail (grástamhail)
Fá mar 'bhí 'againn i dtúis ar n-óig'.
.3.
Aithchim féin ort a ainnir shéimh,
Is é t'ainm is saor dom innsint.
An tú an Mheadbh mhilis do dhealbhuigh Éire,
Nó do tharraing éacht na Traoithe.(continues on next page)