School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 316
  3. XML “Bunú Eaglaisí sa Dúthaigh”
  4. XML “Seaneaglaisí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bunú Eaglaisí sa Dúthaigh
    Tar éis na h-aimsire sin - tháinig socrú ar riaghlú na h-Eaglaise sa Dúthaigh.
    D'eirigh leó sar i bhfad naoi n-eaglaisí do bhunú sa Dúthaigh.
    Ba nós leis na sean daoine na mairbh do chur i reilg bheannuighthe in aice lé teampall nó ins an dtalamh timcheall air. B'shin é an fáth go bhfeictí na sean téampaill i lár na reilge.
    Ba ghnáth leis gur cuireadh an t-ainm "Cill" ar a lán des na sean-teampaill sin. Tá 8 reiligí ins na h-áiteanna inár seasuigh na naoi sean chealla. Dréir beal oideasa bhí ceann leis ins an naomhadh cill.
    Is iad so na sean-eaglaisí a bhí sa Dúthaigh seo:-
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
  2. (1) CILL DUBH
    Áit atá míle ar an dtaobh thuaidh de'n scoil (Uaimh-Bhréanainn) iseadh Cill Dubh. Bhí reilg ann ina cuirtí na mairbh idir óg agus aosta. Ní'l aon reilig ann fé láthair. Ní'l ann acht sean-cheallúrach nó sean-chealltreach ina cuirtear leanbhaí - ná baisteadh - in-uaimh i gcúinne na h-áite. Tá acha 1/4 achra fé'n gceallúrach san. Is fuiris dul isteach ann tré bhóithrín a ritheann tar thig Uí Chadhla - an tigh is giorra do'n áit.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.