Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)

Suíomh:
Boheeshil, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus Ua Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Both Íseal
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Roinnt blíadhain ó shoin bhí sagart na chómnuidhe i nAlbain. Chuaidh sé i dturus éigin lá fliuch. Núair a bhí sé ag siubhal tamaill tháinig sé go abhainn. Ní raibh aon droichead ann as clocha socra cun dul treasna na habhainn.
    Núair a bhí sé ag dul ó cloch go cloch do bhraith sé duine ag chuir a lamh leis. Do caith sé isteach san abhainn é. Nuair d’eirig sé d’fheach sé ina thímcheall ach ní fheaca sé aoinne agus bhí a bhróga lán d’uisge. Núair tháinig sé go dtí an bport ní raibh aon áit ann go suidhfheadh sé cun na bróga a baint dé mar bhí an talamh ró fliuch.
    Do siúbhal sé go dtí go dtáinig sé go dtí seana-fothrach tíghe. Shuidh sé síos ar cloch amuich. Bhí sé ag fascadh a stocaí núair a cualadh sé duine istigh ag gearán. Chuaidh sé isteach san bhfothrach agus connaich sé fear ag fághail bháis. Cuir sé an Ola Dhéanach air. Annsan d’fíarr an sagart de cionnus a tháinig sé ann nó cé féin é.
    Dubhairt an fear leis gur Eireannach é a tháinig chuig blíadhna déug ar fhichid ó shoin cun Albain. Dubhairt sé go raibh sé ag obair fé an dtalamh ó shoin ag baint gual. Ar fhágaint a baile féin do i nÉirinn do gheall sé dá mháthair gan a chreideamh do cailleamhaint. Do cuir sí crois naomtha ar a muinéal mar cuinneamh uirthi. Do fuair sí bás dá bhlíadhain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ua Foghladha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Shronahiree Beg, Co. Kerry