School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 347
- XML “Oileán Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oileán Buidhe:-Ar a dtaobh ó thuaidh d’abhainn na h-Íne ‘seadh ata an Oileán Buidhe ina bhfuil lios. Tá seomraí faoi’n dtalamh ann agus do réir sgéaluíochta deirtear go mbíodh cómhnaidhe ar shidheoga ann. Do bhí ann indáiríribh ná áit a dtéigheadh na Gaedhail i bhfolach in aimsir an nDanar mar a thaisbeáinfidh an Dán seo leanas. Dán a chum Seán “Bruanach” Ua Súilleabháin ó’n bhFaill Mhóir agus ó Chathair-Saidhbhín maidin áirighthe le do bheith le h-ais an leasa.1.Trácht na slighe dhom, trís gach céim
Le fáinne an laé is mé i gcéin cois abhainn
Cois na h-Íne bhí fem’ léidheadh
Is mé ag sméide ar ghaortha an leasaCurfá
Is aoibhinn dán draoithe is dáimh
Sgaoilfear cách atá fe’n amadh
Chíofar clár Uí Chaoimh gan spás
‘Ge an Rígh nách nár, tá’n báire ag casadh11.Is sásta thaobhaig righbhean mhaordha
Bíonn lá taobh liom is mé dá h-amharc
Bhí sgáil na gcaor ‘na gnaoí mar aol
Gan teimheal ó’n ngréin ar sgéimh a leacain
Is aoibhinn dán draoithe is daimh(continues on next page)