School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 379
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Do bhí fear ann fadó go raibh inghean ana dheas aige agus bhí gach uile dhuine i ngrádh léi. Do bhíodh beirt ógánach ag iarraidh í phósadh. Do taithn fear acha léi ach níor thaitn an fear eile léi.
An fear nár cuir sí aon tsuim ann do thaghadh sé go minich go tigh a h-athar acht an fear go raibh grádh aici dho ní thaghadh sé acht go h-annamh. B’fhearr leis an athair go bpósfadh sí an búachaill a thaghadh chúcha go minich.
Shocruig sé ar dhinnéar mór do bheith aige agus thug sé cuireadh do gach aoinne a bhí ar an mbaile. Núair a bhí na daoíne go léir cruinnighthe ar seisean le na h-inghin, “ól deoch anois” ar seisean leis an bhfear is fearr leat sa chuidheachtain seo mar cheap sé go n-ólfadh sí deoch leis an bhfear badh mhaith leis féin. Thóg sí gloine ‘na láimh agus d’feac sí na tímcheall agus annsan dúbhairt sí an t-amhrán seo.Ólaim do shláinte a mhic a thigh
Faoí thuairm shláinte mhinic-nách-dtigh,
Mo dhíth is mo dhóigh nách é minich nach dtigh
A thigh cómh minic le minic a thigh.Do shuidh sí síos annsan agus níor labhair sí focal an cuid eile de’n lá, agus níor tháinig an fear óg Minic a thigh cúici a thuile mar thuigh sé ná raibh sé ag teastáil agus do phós an cailín a rogha féin le toil a h-atharNóra Ní Conaill,
Dromcaor,
An Choirreán,
Ó’m athair, Muiris Ua Conaill- Collector
- Nóra Ní Chonaill
- Gender
- Male
- Address
- Dromkeare, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ua Conaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Dromkeare, Co. Kerry