School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 363

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 363
  3. XML “Na Ceirdeanna a Bhíodh acu Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na céirdeanna a bhíodh aca fadó.
    Is beag duine ar an saoghal seo ná caitheann obair nó gnó éigin do bheith aige chum a bheatha do thuilleamh. Sa t-sean maisir do bhíodh mórán céirdeanna aca.
    Is amhlaidh a théigheadh an táilliúir ó thigh go tig ag déanamh na culaithí eudaig agus do thógadh sé seachtmhain úaidh é a dhéanamh. Ní bhíodh aon inill acha an úair sin agus do chaithidís gach pioc de a fhuagháil le na lámha. Ní bhíodh aon lampa acha leis acht sgoilbh agus dá mbé an té is óige sa tig do chaitheadh an sgolbh a choimeád do agus do bhíodh sé sin ana dhian ar na súilibh.
    Dob é an sgeal cheádhna ag an ngréasaidhe é do chaitheadh sé gach pioc de’s na bróga a fhuagháil le na lámha. Do thagadh sé go dtí an tig chum na bróga a dheanamh agus annsan ní théigheadh sé abhaile go dtí go mbíodh na bróga déanta.
    Fadó leis ní bhíodh aon tubáin ag na daoíne i gcóir an ime acht feircíní agus do chaithidís na mílte díobh san a bheith aca. Núair a dhíolaidís feircín ime do choimeádidís an feircín leis. Núair a dheinidís an t-im do chuiridís isteach sa bhfeircín é agus do chuiridís fe’n dtalamh é chun é a dhéanamh trom. Coopéir a tugtar ar an duine a dheineadh na feircíní. Do dheineadh fear darbh ainm do Tomás Ó Séaghdha ó Dúnadraoín agus fear eile darbh ainm Seamus O Connchubhair o mBarra na h-Aoine feircíní.
    Dob é an sgéal céadhna ag na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Doire an Éadain, Co. Kerry