School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Comharthaí a baineann leis an aimsirTá mórán cómharthaí ag na sean-daoíne i dtaoibh na h-aimsire, agus cómharthaí a bhaineann leis an deagh-aimsire agus an droch-aimsire.
Siad na cómharthaí a bhaineann leis an ndroch-aimsir ná, dá mbeadh páirc féir amuigh lá breag Samhraidh agus dá dtagadh ceó ar bharra Eisg nó ar bharra Cnoc na dTobar nó na clocha atá i Machaire an Grianán faoí fén ngréin dearfhadh na daoíne leo féin gur ceart dóibh bheith ag brostúghadh agus é dhéanamh suas mar go raibh an báisteach ag teacht. Droch-chómhartha é bheith dearg thoir ar maidin agus cómhartha báistighe é. Ceann eile má bhíonn túar ceatha ar maidin deireann siad go mbeadh cioth um thráthnóna.
Ana dhroch chómhartha eile iseadh má bhíonn an spéir dearg, deirtear go mbíonn gála ag teacht. Rud eile iseadh má bhíonn boghaisín mór-thímcheall an ghealaigh, deirtear go mbíonn báisteach ag teacht. Deirtear leis má bhíonn sé ag cur báistighe i dtosach an Aoine agus i ndeireadh an Sathairn nó taréis Aifrinn Dé Domhnaigh ná tiormócaidh sé in aonchor.
Tá cómhharthaí deagh-aimsire leis agus baintear úsaáid asta leis. Dá mbeadh ceó in aice abhann ar maidhin deirtear go mbeadh aimsir bhreágh againn. Deirtear leis má thagann ceó indeire an gealaig go mbeadh aimsir breágh ag teacht. Má théigheann an ghrían síos glan(continues on next page)- Collector
- Máirín Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Ochtaibh, Co. Kerry