School: Baile an Ridire (roll number 7887)
- Location:
- Knight's Town, Co. Kerry
- Teacher: Seán Mac Mágha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mairinn Mhac Fhínghin Dhuibh
Ó Béal aithris Mhíchíl Uí Murchadha1.
B’osna trí Luimne, Connacht agus Cléir fé cúmha
Is Corcaigh na loingeas, thar tonnaibh d’á dtéidhinn de shiubhal,
Ár ngiúistis Cuthaigh agus ár mbreitheamh do reidteach ár gcúis
Ár gCaraid i ngiuste agus ár ndlighe fuair réim agus clú.
Clú ’gus ceannas agus acmuinn ó’n Rígh Glórmhar
Do bhíodh id’ laca i gan fhios do Rí Cóige
Níl long ná Cathair fé bhrataibh ag Rí Seóirse
Ná go dúbhach id’ dheascaibh agus i mbailte go síor bhrónach.
Is brónach, attuirseach ó’n Chaiseal go Béul Bairnse
Agus buadhartha Banbram ó bhraitinn go Chaiseal go Léim Lárach
Is dúithchí Chairbre ar lasadh gan scéimh áthais
Agus go dubhach Ráth-Chathail mar ar leagadh ár laoch láidir.
Ba láidir, acmuinneach é, ár mbreitheamh agus ba leathan, lúthmhar,
A mharcaigh na gCumann go gcritheadh an talamh fút-sa
Níl eagla dlighthe ná clipe dho bhaile dhúthchais
Ach do caraidh mar Oscar do cuiread ná do chreach ar gcúlaibh.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Murchadha
- Gender
- Male