Scoil: Craig Dhubh
- Suíomh:
- An Chreig, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Mac Giobúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I gceann laé is bliadhain tháinig é fhéin is a bhean chuig an gcros bhóthair agus cóiste breágh acú. Bhí an dearbhráthair annsin rómpa
"Cén chaoí a bfúair tú an saidhbhreas sin" ar seisean.
Dinnis sé do faoí na cait sa gcill.
"Rachaidh mise ann anocht" ar seisean Chuaidh sé ann an oidhche sin agus isteach fén lich leis. I lár na h- oidhche tháinig na cait agus dubairt an sean chat
"Anois cúartuighidh an roilig agus ná fág aon duine ann mar bliadhain o anocht a rinneadh mo creach"
Chúaidh síad amach acht ní bfúair síad aon duine.
"Ní bfúair an sionnach ariam aon teachtaire níos fearr ná é fhéin" arsan sean cat.
Chuaidh sé amach agus fuair sé an rogaire fe'n lich. D'fúagair sé go h- árd is go h-íseal orra teacht go raibh an rógaire aige. "Marbuigidh é" ar seisean, agus dit na cait an bréag.- Bailitheoir
- Annie Burke
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceapach Ghofraidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mr Bourke
- Inscne
- Fireann