Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 279
- XML “Seán agus an Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhac Seán.Aon lá amháin bhí an triúr gasúr amuigh ag súgradh agus chonnaic siad éan bheag ar na gcrann agus chaith an triúr acu trí chloch suas air. Bhuail an bheirt darbh ainm dóibh Micheál agus Brandan an téan agus mharbhuigh siad é, agus nuair a chuadar abhaile dubhradar gur bé Seán a mharbhuigh é.Annsin rug an Rí air agus bhuail sé é chomh maith agus a tiocfadh leis, agus bhí an bheirt eile ag gáiridhe faoi. Maidin lá-ar-na-mháireach thainig an tSean-dall-glic chuig an Rí agus dfiafhruigh dhe cén fáth ar bhuail sé Seán agus d’inis an Rí dhó. “Bhal” arsan tSean-dall-Glic ní hé Seán a rinne an beart sin chor ar bith agus má bhuaileann tú é aríst gan fáth béidh mise ag roinn leat. Annsin rug an Rí ar shlat agus bhuail sé Micheál agus Brandán.D’imthigh blianta inéis blianta agus bhí Seán, Micheál agus Brandán fásta suas. Acht lá amháin nuair a bhí siad féin agus an Rí amuigh ag spaisteóracht thart chonnaic siad éan ar an gcrann agus bhí an téan ag seinm ceól. “Bhal” arsan triúr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ni Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Maire Bean Ui Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo