Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Seán agus an Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thairring Seán an corca agus léim beirt cócaire amach agus ní raibh sé i bhfad go raibh Seán ag suidhe isteach ag béilidhe agus é ag ithe ar shuaimhneas.
    Nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige dubhairt an gearrán leis. “Gabhfaidh an Rí i bhfolach in ubhall atá ar an gcrann. Ní bheidh ar an gcrann sin acht dhá ubhall agus tá ceann acu níos mó ná an ceann eile agus béidh an Rí i bhfolach san ubhall mór”. Tháinig lá-ar-na-mháireach agus bhí an Rí i bhfolach san ubhall. Bhain Seán an tubhall de’n crann agus thosuigh sé dhá phléascadh acht léim an Rí amach. “Tá mé fáidhte agat indiu” ar seisean, “acht ní bhfaighidh tú mé i mbárach. Thainig an oidhche agus dith agus dól Seán a sháith mar rinne sé an oidhthe roimhe sin.
    Tháinig an maidin an lá athuair agus dubhairt an gearrán le Seán go raibh an Rí i bhfolach i mbreac bheag a bhí san abhainn. Síos le Seán agus thosuigh sé ag iasgaireacht agus fuair sé an bhreac. Thosuigh sé dhá sgoilteadh agus léim an Rí amach. “Tá mé fáidhte indiu agat” arsa seisean acht ní bhfuighidh tú mé i mbárach. An oidhche roimhe sin tháinig brionglóid ag Seán go bhfuair sé pota óir i bhfolach i gcoire
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ni Graith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Maire Bean Ui Ghraith
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo