Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtáinig sé abhaile.
    (3) Bhí sagart paráiste ina chomhnuidhe sa bparáiste seo uair amháin, agus bhí sé i ndán a phíopa a lasadh le na mhéar. Ní raibh air acht a mhéar a sháthadh síos ina phíopa agus bhí an tobac lasta. Bhí se indán siubhal ar bharr an uisge chomh maith. Deirtear gur shiubhal sé treasna an calaidh cúpla uair.
    (4) Bhí fear ina chomhnuidhe i nGleann-na-Muaidhe agus ba é an tainm a bhí air ná Micheál Ó Rúadháin agus diompruigh sé mala plúr ar a dhruim ó Bhéal-an-Átha agus bhí sé abhaile roimh an oidhche.
    (5) Bhí fear ina chomhnuidhe i Sraith-an-tSeagail agus ba é an tainm a bhí air ná Tomás Ó Gearbháin. Lá amháin bhí sé ag teacht anuas ó Gleann-na-Muaidhe agus chonnaic sé sgata fear i bhfad istigh uaidh ar an mbogach agus iad ar a ndícheall ag tarraingt cnampán as poll mhór. Glaodh siad air agus chuaidh sé chomh fada leo. Ní ndearna sé tada acht breith ar an gcnampán agus é á chur ar a dhruim agus ní dhearna a sgíth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge