Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dó acht an caora bán a tabhairt dhí.Nuair a geall sí an inghean dó thug sé dhí an caora bán.Nuair a bhí siad imthigthe ní raibh fhios aige céard a déarfhadh sé leis an mhaighistir. Chuir sé a mhaide sa talamh agus croch sé a hata agus a cóta air ag deanamh an mhaighistir de. Thainig sé go dtí an maide annsin agus dubhairt sé “A mháighistir dimthigh an caora bán”. “Ní plean maith i sin dom” dubhairt sé leis féin. Déarfhaidh sé anois liom a dhul agus í a cuartú. Thainig sé go dtí an maide arist agus dubhairt sé “A maighistir báthadh an caora bán”. “Ní plean maith é sin dom adeir sé leis féin béadh sé ag iarraidh orm an craiceann agus an olann a thabhairt chuige. Thainig sé go dtí é an triomhadh uair agus dinnis sé an fhirinne don mhaide. Sin e an plean is fearr dom adeir sé.Nuair a thainig sé abhaile san tráthnóna dfiafhruigh an mhaighistir de an raibh na caoirigh uilig aige agus dubhairt sé go dtáinig an bean céadhna go dtí é agus gur geall sí a h-inghin le pósadh dhó acht an caora bán a thabhairt dí agus go dtug sí dtí é.Is maith an fear thú adeir sé tá cuig punt déag saothruighthe agamsa uaithe sin nuair nar innis tú aon bhréag.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eiblin Ni Corduibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál O Corduibh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo