Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “An Leon Feargach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “teann” agus teannfaidh an cros an náimhid. Thainig na buistéirí annsin agus marbhuigh siad an tarbh. Nuair a chonnaic an buachaill go raibh siad imthigh bhain sé an craiceann de tarbh agus rinne cros de. Annsin chuaidh sé chomh fada le na mháighistir agus dubhairt leis go marbhóchadh sé na triúr fathaigh da dtugadh an máighistir a inghean dó. Dubhairt an maighistir go dtabharfadh agus chuaidh an buachaill chomh fada leis na fathaigh agus dubhairt leo go dtroideadh sé iad i ndiaidh a chéile. Chuaidh siad ag gáiridhe faoi agus thainig an céad ceann amac. Bhí a chlaidheamh tarraingte aige nuair a dubhairt an buachaill leis an cros “teann” “theann” agus theann an cros ná go raibh an fathach marbh.
    Rinne an buachaill amhlaidh leis na fathaigh eile agus chuaidh sé go teach a mháighistir. Nuair a mhothuigh an mháighistir go raibh na fathaigh marbh thug sé an inghean agus leath an feirm don buachaill agus dubhairt sé go dtabharfadh sé an cuid eile dó nuair a bfuigheadh sé fhéin bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Graith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Séamus O Baogláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82