Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Sléibhte Chonamara”
  4. XML “Na Tithe a Bhí ann Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Árd Rí atá i bFlaitheas
    Béidh mo phardún ina phoca a’s a Dhia na Glóire nach beag an mhaitheas,
    Dá ndéanfhainn an chuid ba mhó ariamh
    Té nach ndearna mé ariamh ach tada
    Sé an Captaoin Ó Domhnall dar ndóigh a gheibheadh amach mé
    Seán Ó Conaill, Co Muigheó, do rinne
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Na Tighthe a bhí ann fadó
    Fadó shoin ní raibh thart san áit seo acht tighthe déanta de mhóin agus ní bhíodh fuinneog ar bith orra acht craicne caorach agus bhíodh poill beag anseo agus annsúd tríd na craicne. San oiodhche chuirfeadh siad doras beag taobh amuigh den craiceann leis an bfearthainn agus an fhuacht a choineál amach.
    Ní bhíodh orra acht cisteanach agus bhíodh na leabtha le taobh an tigh istigh. Ní bhíodh simléar ar bith ar na tighthe acht poll deataigh ar a mbár.
    Ní bhíodh orra acht leath dhoras beag agus bhíodh ar na daoine cromadh nuair a bhíodh siad ag dul isteach a’s amach.
    Is i lár an tighe a bhíodh an teine i gcuid de na tighthe agus i gcoirnéal an tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Graith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádraic O Corduibh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo