Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 129
- XML “Scéilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus ní raibh ach aon mhac amháin aige agus ní raibh sé níos mó ná m'ordóg.Lá amháin bhí an fear amuigh sa bhfeilm agus bhí an fear beag aige, ach ní raibh sé i bhfad go dtainic fathach. Céard a rinne an fathach ach an fear beag a thabhairt leis, agus bhí sé comh beag sin gur chuir sé isteach i n-a chluais é.Shíl an t-athair nach bhfeicfeadh sé a mac beag aríst go bráthach, ach ní raibh sé cúig bliadhain go dtainic a mhac aige aríst agus é comh mór le fathach. Amuigh i bpáirc a bhí an t-athair san am agus ars an fathach leis "Bhfuil aithne agat orm"."Níl," ars an t-athair, níor casadh ar a chéile muid ariamh go dtí anois.""Chonaic tú go minic mé," ars an fathach, "mar is mise do mhac."Nuair a chualaidh an t-athair é sin bhí sé go bródamhail, mar shíl sé go raibh a mac i bhfad marbh.
- Bailitheoir
- Mártán Ó Garbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo