Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 4
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na gcearc a bhí 'na seasamh lena taobh. 'Tuige a ndeir tú sin liom?' arsa an bhainríoghan. 'Mar nár thug tú dada dhomh ó thainic 'un na cúirte, agus an bhain-rioghan bhí ann romhat is iomdha rud a thugadh sí dom. Bhfuil fhios agat go raibh an rí seo pósta cheana?' 'Níl' arsa an bhainrioghan. 'Má íocann tú mise go maith innseóchaidh mé rud dhuit' arsa an chailleach. 'Cén luach saothair bhéas tú ag iarraidh?' 'Lán mo chaipín oidhche de mhin, lan m'iosgaid d'olann, agus lán mo chruigín mhaol bheannaigh d'im.' 'Sin rud a gheobhas tú agus fáilte' arsa an bhainrioghan.
'Bhí an rí seo pósta cheana agus tá trúir clainne aige' arsa an chailleach. 'Rinne sé grianán áluinn thíos faoí an dtalamh dóbhta áit nach dtig leat-sa a bhfeiceál.'
Luigh ar do leabaidh amárach agus abair leis an rí go bhfuil tú tinn agus beirt de na searb - fhóghtaidhthe fhágail istigh 'gdo aire. Nuair thiocfas bosa bárr geala 'un na cúirte tig leat a lean - amhaint agus beidh fhios agat cén áit a gheobhfaidh sí. 'Rinne sí mar a d'órduigh an chailleach dí.
Nuair a thainic bosa bárr gheala 'un na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Padhraic Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo