Scoil: Cnoc a Logha

Suíomh:
Troiste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Maoildeirg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc a Logha
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean sa mbaile seo uair amháin. Bhí sí in a comhnuidhe i dteach beag leithi féin. Bean láidir a bhí innti. Lá amháin tháinig tinneas uirthi. Ní raibh sí indon tada a dhéanamh dhí féin. Tháinig ceann de na comharsanaibh isteach aici lá agus dubhairt tsean-bhean leis an mhnaoi a tháinig isteach go raibh sí a fághail bháis. Dubhairt sí leithi chomh maith an pota a ghlanadh. Do glan sí é. Céard a dheanfaidh mé anois leis ar sise. Tá sgilit beag istigh sa bpoll atá san mballa tháll annsin agus tóg amach é. Thóg sí amach é agus céard a bhí ann acht é lionta le or. Cuir sios ins an bpota ars an tsean-bhean. Fan go dtiocfaidh mé isteach ó mo theach fein.
    Chuaidh an bhean amach agus nuair a tháinig sí isteach bhí cana mór ime aici. Nior leig sí leithi céard a bhí aici sa gcana. Goid sí an t-ór agus chuir sí an t-im sa bpota. Bhí an t-sean bhean lán cinnte gurb é an ór a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Mháirtin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo