Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bothar taobh thíar den sgoil agus ceathramhadh míle uaid. Glaoidtear Bothairin na hOla air. Sa mbliadhan 1845 a rinneadh é agus bhí an gortach mór sa dtir an uair sin. De reir na sgealta atá faoi dhéanamh (dheamhan?) morán fear a bhí sa mbaile seo agus béigin de na mnaibh dul amach ar an mbothar cun an obair a dhéanamh. Sin é an uair a bhí an bothar sin 'dhá dhéanamh. Ní raibh aon airgead le fagail le hagaidh páigh acht min-bhuide. Lá amháin bhí beirt fear ar obair ann agus thosuigh siad ag argúint faoi an min bhuidhe.
Thosuig siad ag troid. Buaileadh buile agus marbuigheadh ceann aca. Thuit sé ar an mbothar agus bhí ag tabhairt fola.
Glaoideadh ar an sagart teacht go dti an fear agus é sínte ar an mbothar. Chuir sé ola dheidheanach air agus sin(leanann ar an chéad leathanach eile)