School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 352

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 352

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 352
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Nuair a bhí an gorta ann chéad bliain ó shoin bhí ana-chuid daoine bochta ag fáil bháis leis an ocras. Ní raibh aon prátaí ag aoinne. Bhí feirmeoir ann agus bhí fiche tona prátaí agus ní thabharfadh sé aon prátaí do aoinne agus na daoine go léir ag fáil bháis.
    Bhí na daoine bochta ag guid na prátaí agus bhí fhios ag an fear agus chuir sé glas ar an doras agus ní bhfuidheadh na daoine bochta na prátaí a fháil. Thosnaigh na prátaí ag teacht dubh air agus fuair sé féin bás agus a chuid páistí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Fadó bhíodh na daoine ag obair an-dhéanach san oíche. Bhídís ag baint móna agus á dtabhairt ar a ndrom cúig nó sé míle ón sliabh. Bhídís ag tabhairt bórán isteach ón bpáirc nuair a bhíonn siad tirm.
    Bhíodh sé an-déanach san oíche nuair a bhíodh siad ag obair. Ní théighidís a codladh go dtí a dó a chlog ar maidin agus bhíodh sé a sé a chlog nuair a éiríghadís. Bhíodh siad ag insint scéal agus ag amhrán. Bíodh an tigh glan aca i gcónaí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.