School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 365

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 365

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 365
  3. XML “Ministéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "An bhfuil aon áit agat a gcuirfá an bhó ach ar an mbóhar?"
    "Níl, mhuise" arsan fear.
    "Tabharfaidh mise páirc dhuit má thagann tú go dtí an teampall chugham" arsan ministéir.
    "Tá go maith" arsan fear.
    An maidean ina dhiaidh sin chuir an fear an bhó isteach sa pháirc agus an Domhnach ina dhiaidh sin chuaidh an fear go dtí an teampall. D'airigh an sagart é agus chuaidh sé ag caint leis an bhfear.
    "Airghím go bhfuil tú iompaithe id Shasanach" arsa an sagart.
    "Nílim" arsan fear.
    D'airigh mé go raibh tú ag an teampall Dé Domhnach" arsan sagart.
    "Bhíos" arsan fear.
    "Agus cad a thug ann tú?" arsan sagart.
    "Táim ag dul go dtí an teampall ar son féir na bó agus táim ag dul go dtí an Aifreann ar son m'anma" arsan fear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Informant
    Máire Ní Lonáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge