School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 395

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 395

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 395
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go dtí siúnéir oíche. D'fhanadar ag caint go dtí go raibh sé an-déanach.
    Dúirt an siúinéir leis gan dul abhaile in aon chor. Ní raibh an fear sásta agus dúirt sé go raghadh sé abhaile. Do chuaidh an siúinéir síos go dtí an bóthar leis agus do chuadar isteach gairid don chlaidhe. Ní rabhadar i bhfad ann nuair a tháinigh an sluagh. I ndeire an sluagh bhí bean rua. Tháinigh an bean rua isteach go dtí an beirt aca agus bhí sí ag féachaint ar an bhfear ach níor dhein sé aon rud leis.
    Tar éis tamaill nuair a bhí sí imithe dúirt an siúinéir b'reach é féin a bheith leis go marbhóchadh sí sin é. Dúirt an siúinéir leis ansan nach ghádh aon baol a bheith air anois. Do chuaidh an fear abhaile agus dúirt sé ná beadh sé amuigh déanach aon oíche eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séumás Móinbhíal
    Gender
    Male
    Address
    Aird Mhór, Co. Phort Láirge