School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 398

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 398

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 398
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dúirt sé leis dul ar a dhá ghlúin agus féachaint ar an rud a bhí amuigh sa bhfarraige. Nuair a bhí Con ar a dhá ghlúin rug an captaen air agus caith sé amach sa bhfarraige é.
    Ní raibh puinn snámh ag Con ach tar éis tamaill chonaic sé bád ag teacht chuige. Bhí an fear a chuir sé fé dhfág sé chun dul go Seana Sheasna astig ann ach ní raibh fhios ag Con cé bhí ann.
    Bhí Con i Seana Sheasna roimhe an captaen agus bean Chon.
    Bhí an captaen agus bean Chon á bpósadh cúpla lá ina dhiaidh sin. Nuair a bhíodar ag siúl síos a t-srád lá i Seana Sheasna seasaigh Con amach rómpa.
    Crochadh an captaen cúpla lá ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus théigheadh sé go h-Eochaill ana-mhinic.
    Lá amháin chuaidh sé ann agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile thóg sé amach a phíopa chun é a deargadh. Ní raibh aon lasán aige ach chonaic sé tigh beag agus dúirt sé leis féin go raghadh sé isteach ann chun a phíopa a deargadh. Nuair a chuaidh sé isteah ní raibh aoinne istigh ach bhí tine ag lasadh ann. Bhí sé ag cromadh síos chun an píopa a lasadh nuair a d'airigh sé rud éigin ag rá 'och, ochón'.
    Shíl sé gur sprid a bhí ann agus rioth sé chun siúl chun mear agus a bhí aige. Tamall ina dhiaidh sin d'airigh sé gur bean a bhí ann agus go raibh a fear tar éis bháis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Cuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Maitiú Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge