School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 441
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé scréach. Do fhéach sé timpeall agus chonaic sé bhean amuigh ag an doras. Budh í sin a bhíodh á dhéanamh na bpisóg.
    Dúirt sí ansan ná déanfadh sé a thuille iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ar teachtaireacht oíche. Bhí sé an-déanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
    Chuaidh sé treasna na páirce agus nuair a bhí sé ag dul thar an gclaidhe chonaic sé bean agus bairlín bán uirthi. D'fhiafraigh an bhean de an raghadh sé ag rinnce léí.
    Dúirt an fear go raghadh. Thosnuigheadar ag rinnce agus bhíodar ag dul comh mear san gur thit an bairlín di. Dúirt sí leis an bhfear annsan gur é sin bairlín a ghoid sí agus ná fuighbheadh sé dul go dtí na Flaithais go dtí go mbeadh an bairlín imithe di.
    Dúirt sí leis an bhfear gurbhé é féin an fear ab fhearr a tháinigh annsan fós agus ná feicóchadh sé í féin go deo arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seumas Moinbhíal
    Gender
    Male