Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 337
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí agus bainrioghín ann uair amháin agus bhí triúr nigheanna aca.”
(ar lean ón leathanach roimhe)12 thainic Tarbh Dubh na tráigh míne. Chuaidh an chéad bhean amach agus chaith sé siar ar a chuid adharc í. Chuaidh an dara bean amach agus rinne sé an rud céadna léithe. Chuaidh an triomhadh bean amach agus thug sé isteach ar a dhruim í. Chuaidh siad na luighe an oidhche seo, agus d’iarr an rí ar an bhainríoghán coinneall a lasadh go bhfeicfheadh siad goidé’n seórt fir a bhí ag na gcuid nighneacha. Bhí pigín muice na luighe ag bean aca. Bhí an rud céadna na luighe ag an bhean eile, agus bhí an fear ba deise ar an tsaoghail na luighe ag an triomhadh bean. Chuaidh siad síos go dtí an tráigh lá ar na bhárach. Chuir Tarbh Dubh na Tráigh Míne ceist uirthi ciaca b’fhearr léithe é a bheith na fhear sa lá, agus na tharbh san oidhche na é a bheith na fhear san oidhche agus na tharbh sa lá. Dubhairt sí go b’fhearr léithe é a bheith na fhear san oidhche agus na tharbh sa lá. Dubhairt sé léithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann