School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 337
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí rí agus bainrioghín ann uair amháin agus bhí triúr nigheanna aca.

    (continued from previous page)
    12 thainic Tarbh Dubh na tráigh míne. Chuaidh an chéad bhean amach agus chaith sé siar ar a chuid adharc í. Chuaidh an dara bean amach agus rinne sé an rud céadna léithe. Chuaidh an triomhadh bean amach agus thug sé isteach ar a dhruim í. Chuaidh siad na luighe an oidhche seo, agus d’iarr an rí ar an bhainríoghán coinneall a lasadh go bhfeicfheadh siad goidé’n seórt fir a bhí ag na gcuid nighneacha. Bhí pigín muice na luighe ag bean aca. Bhí an rud céadna na luighe ag an bhean eile, agus bhí an fear ba deise ar an tsaoghail na luighe ag an triomhadh bean. Chuaidh siad síos go dtí an tráigh lá ar na bhárach. Chuir Tarbh Dubh na Tráigh Míne ceist uirthi ciaca b’fhearr léithe é a bheith na fhear sa lá, agus na tharbh san oidhche na é a bheith na fhear san oidhche agus na tharbh sa lá. Dubhairt sí go b’fhearr léithe é a bheith na fhear san oidhche agus na tharbh sa lá. Dubhairt sé léithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ó Dochartaigh
    Gender
    Male