School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 47

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 47

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 47
  3. XML “Loch Dearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé Gráinne Bean Eadmhon 'ac Suibhne , Gleann-Doimhin, Mín-an-Lábain, a d'innis an sgéal seo. (Aois 88)
    Sí Brighd Ní Ghaodhchain do sgríobh síos é.
    **********************************************************

    I bhfadh o shoin nuair a bhí na Fianna i n-Éirinn, bhí siad amuigh ag seilg ar sleibthe Thír Conaill. Tháinigh siad trasna ar cnámh mhór. Thoisigh siad uilig ag dearcadh caid é'n seórt cnámh a bhí ann. Bhí poll beag air agus d'amharc Goll Mac Móirne fríd an pholl seo. Chonnaic sé rud beag mar bheadh peist beag istoigh ann.
    D'innis sé seo do Fionn Mach Cumhail. Rinne Fionn fíos agus dubhairt sé da bhfuigheadh an bheatac seo a shait uisge gurbh é an beatach a ba mhó in Eirinn. Ní thabhairfeadh duine ar bith de na Fianna leobhtha é acht dubhairt Goll Mac Móirne go dtabhairfeadh seisean leis é. Nuair a bhí siad ag dul na bhaile, tháinig siad fhad leis ar loch ar a dtugtar Loch Dearg anois. Caith Goll Mac Móirne an cnámh isteach 'san loch. Thoisigh an beatach ag éirighe níos mó, go dtí go rabh sé comh mór, nach rabh uisge na locha in-innibh é a cumhdach.
    Nuair a tharraingheochadh sé anal, bhí sé in-innibh rúd ar bith a tiocfadh fá mhíle de a tharraingt cúige. Nuair a tháinigh Naomh Padraig (sin d'imthig) go h-Éirinn bhí sé ag dul fríd Tír Connaill d'innseadh do fa dtaobh de'n bheatach seo. Nuair a cualaidh Naomh Padruig sin dimthig sé go bruach na locha agus thoisigh sé ag guidhe. Thoisigh an bheatach ag teacht níos comgaraigh cuíge go dtí go rabh sé abhalta a claidheamh a leagaint air. Shaith sé an claidheamh ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Lough Derg, Co. Donegal
    Collector
    Brighid Ní Ghaodhchain
    Gender
    Female
    Informant
    Gráinne Bean Eadhmon 'Ac Suibhne
    Gender
    Female
    Age
    88
    Address
    Gleann Domhain Beag, Co. Donegal