Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 58

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 58

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 58
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí bean ann agus ní rabh aice ach cúpla dórn mine. Thug sí léithe an mín fa coinne arán a dhéanamh.

    Sgéal
    Bhí bean ann agus ní rabh aice ach cúpla dórn mine. Thug sé léithe an mín fa coinne arán a dheánamh. Thuit duiste ann. Thug sí léithe amach an mín agus thoisigh sí ag iarraidh an duiste a bhaint as. Nuair a tháinig an fear dfiafruigh sé do'n bhean an rabh sé ag cur sneachta. Dubhairt an bhean nach rabh ach go rabh cúpla dórn míne aice agus gur thuit dúiste ann. Annsin dubhairt an fear nach rabh an greim acu lé hithe. An dara lá a imtheochaidh tú thig leat an doras a tharraingt leath. An dara lá nuair abhí sí ag imtheacht thug sí léithe an doras. Tháinig sí fhad lé crann agus chuir sí an doras suas air Tháinig fir agus sheasuigh siad faoi crann. Thuit an doras anuas agus shíl siad gur geafta an dioghbhail a d'fosgail agus rith siad ar shiubhal. Nuair abhí siad giota ar siubhail phill duine amháin acu fa coinne an sparán. Bhí an bhean ag gabhail ceól agus dubhairt sí leis da gcuirtea do theangaidh in mo bhéal bhéadh ceól go maith agatsa. D'imthigh sé indiaidh an chui[?] eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Núala Ní hÉarcain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Corrdhoire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hÉarcain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Seoladh
    Corrdhoire, Co. Dhún na nGall