Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    92) Is maith an sgéal gan droch sgéal
    93) Is leór an diabhal nuair a thiocfaidh sé.
    94) Ta duine i gcomhnuidhe i n-am ag droch mhargadh.
    95) Ní rabh tú ariamh mall i dteach duiine uasal.
    96) Is iomdha lá ag an uaigh ort agus geobhaidh sí uilig iad.
    97) Níl aithreachas mall maith.
    98) Na conntus na n-eireogaí go dtiocfaidh an t-ailín amach.
    99) Is doilig olainn a bhaint de druim tarnachta.
    100) Barraidheacht glidiacht méaduigheann sé tarcus.
    101) Achán duine agus a thríobloid féin air ó'n righ go dtí'n bacach.
    102) Is do'n bhanachas doithe ar torman.
    103) Is olc an rud nach dtig biseach air.
    104) Is rí gach duine ar a thoil.
    105) Ní thugann rud ar bith ach a shéal.
    106) Barraidheacht cochaireachta milleann sé an bráth.
    107) Is fearr rith maith na droch-sheasamh.
    108) Nuair is cruaidh do'n cailigh, caithfidh sí rith.
    109) Ní thearn thobair arimah an obair.
    110) Ag cloich an bhaic a thois'eann an t-annas.
    111) An rud atá maith go leór do'n gé dheanfaidh sé gnoithe do'n ghandail.
    112) Níl ann ach bruith thall é agus (?) ith ibhfus é.
    113) Níl dlighe ar an riachtanas.
    114) Téidheann do chliú níos fuide ná thú fhéin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge