Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Faisnéis na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Spéír 1. Dath gorm (éadtrom) gan smúid, gan sgamall comhartha maith ar an aimsir.
    2. Speir a bhfuil dath uirrí mar craiceann an mhurluis droch-chomhartha (fearthainn) ar an aimsir.
    3. Speir ar dhath an umha úir (Copper coloured sky) sin droch-chomhartha fosta.
    4. Dath an óir ar an ghréin ag dul síós tráthnona comhartha maith.
    5. Dath dearg ar an ghréin comhartha fearthanna.
    6. Dath dearg ar an spéir tráthnona ins an Iarthair sin droch-chomhartha fearthanna.
    t-Sáile 7. Loinnir glas ar an t-sáile comhartha stoirme agus gála móir.
    Sléibhte 8. Na sléibhte a bheith comhgarach droch-chomhartha aimsire (fearthainn)
    9. Ceó a bheirtear baireud air a bheith ag teacht anuas ar na sléibhtibh droch-chomhartha agus tá an bháisteach comhgarach.
    10. Comhartha maith an cheó a bheith ag eirighe go mullach an chnuic agus a bheith ag sgabadh fríd an aeir.
    11. An toit a bheith ag dul suas díreach ins an spéir ins an t-samhrádh comhartha fearthanna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)