School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(AR LEANAMHAINT)
tionónaidhí amach. Bhí spás sé mhí aca bhféighil a gcuid toightheach le deaghthoil an tighearna má bhfhíor (caretakers with the good will of the landlord) - Lá na mbataí
Bhí a fhios ag an Riaghaltas agus ag a cuid seirbhíseach gur bh'é an t-Athair mac Stiopháin a bhí ag coinneál suas an troda, agus dá d-tiocfadh leó eisean a chur as an chasán nach mbeadh moill roinnt leis na daoinibh. coitcheannta. Mar sin de thainic saighdiuraí dubha ( constáblaí) as an bheiric ar an Fhalcarrach le príosúnach a dheanamh de. Tháinic cuid mhór constáblaí eile as Leitir Ceanainn, agus DúnFionnachaidh le cuidiú leó. Anoir a thainic an t-iomlán d'á d-tainic. Chuir siad futha in gach teach taibhirne ar an Fhálcarrach. Tá seacht g-cinn de na tighthe sin ann anois. Bhí ceann eile i.e ochtar san an sin. Chuir siad futha de réir mar bhí aít agus fairsingheacht doíbh le fághail ionnta. Nuair a chualaidh muintir na h-áite goidé ádhbhar a d-teachta chuir siad fógraí agus teachtairí amach le sgéala.(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir