Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 213
- XML “Cloch Cheannfhaolaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é an t-ainm atá ar an pharroiste seo ná Cloich Ceannfholaidh; (nó is é an tuarim atá ag na foclaibh i mbéalaibh na sean daoine CLOICH CHON FHAOLA)
Tá an chloch iomráidhteach seo le feiceál do réir na ndaoine ins an choillidh atá comhgarach do Chaisleán Bhaile Uí Chonaill. Coláiste Ullmhucháin atá ins an chaisleán seo anois. Cloich Chon Fhaola, cnapán mór de chloich ghil atá inntí, cuireadh suas í ar túr mór comhgarach de fhichi troighthe ar aoirde amuigh i lár páirce comhgarach do'n tsean-chaisleán atá luaidhte thuas. Ar d-tús cuireadh suas an túr: atá deanamh cruinn ar an túr agus tá sé 16 troighthe thart timcheall. Macasamhail dhá throigh ó'n talamh atá leach cloiche curtha isteach ins an túr. Tá an leac seo ocht n-ordhlaigh déag ar an fhad agus ocht n-ordlaigh ar a leitheid: Is é an rud atá sgriobhtha ar an leic seo:- CLOGHANNEELYERECTED A.D. 1774 byWIBRANTS OLPHERTand SARAH his wife(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)